An Clochan-Bhreanainn
An Clochán-BhréanainnTá mar a bheadh saol eile ann i gceantar An Chlocháin-Bhréanainn ag bun Bhréanainn. Tá meascra aoibhinn de shléibhte agus ghleannta agus uaigneas na síochána ann. Tá iarsmaí na haimsire caite mórthimpeall i ngach aon áit – clocháin, liosanna, crosa, gréasáin dothuigthe greanta ar charraigeacha, meigiliota agus nithe a ghairtear ‘ealaíon carraige’ orthu. Cá bhfuil an siúlóir nó an dreapadóir nach samhlódh é féin ar neamh anseo?
« Ar ais