An Mhi
Gaeltacht na Mí
Arís is arís eile san am atá caite, deineadh díshealbhú ar Ghaela agus coigistíodh a dtailte ar mhachairí méithe na tíre. Ghlac tiarnaí allúracha talún seilbh ar na tailte sin. Ruaigeadh na Gaeil as a n-áitreamh agus díobríodh amach tríd na garbhchnoic iad. Tionáineadh mórán acu i dtreo chósta an iarthair. 'Go hIfreann nó go Connacht' an rogha a fuair na daoine bochta ó amhais Chromail. Le teacht i réim do Rialtas Dúchais, tugadh faoi chothrom éigin a thabhairt do lucht saothraithe na talún. Sna 1930aidí cheannaigh an Rialtas cuid de na heastáit mhóra a bhí ag na tiarnaí talún agus dhein athroinnt orthu. Tugadh gabháltais d'fheirmeoirí a bhí ar an gcaolchuid.
Talamh agus Teanga
Bhain dornán de na feirmeoirí seo le ceantracha Gaeltachta i gConamara, i Maigh Eo agus i gCiarraí. Thugadar seo leo go dtí an Mhí an Ghaeilge agus a gcultúr lena cheol agus a thraidisiúin trí chéile.
I Rath Cairn agus i mBaile Ghib i gContae na Mí choinnigh an dá ghrúpa athlonnaithe seo a ngreim ar a ndúchas agus ar a dteanga. Thugadar an teanga agus a gcultúr trí chéile mar oidhreacht dá bpáistí. Sa lá atá inniu ann tá páistí na bpáistí sin ina gcuid de phobal beosach féiniúil Gaeltachta.